Michelle Dunne

Is taighdeoir PhD in DCU í Michelle Dunne. Baineann a cuid taighde le heolas faoi mhná agus ó mhná sa chnuasach béaloidis a bhailigh Seán Mac Mathúna (1876-1949) in iarthuaisceart an Chláir. Tabharfar léargas ar an gcanúint áitiúil a labhraíodh sa limistéar taighde. Fiosrófar iompar agus ról (traidisiúnta) na mban agus an bhanúlacht 'idéalach' mar a rinneadh cur síos orthu sna lámhscríbhinní freisin.

Tá BA sa Bhéarla agus sa Nua-Ghaeilge aici ó Ollscoil Mhá Nuad agus rinne sí MA sa Nua-Ghaeilge san ollscoil chéanna sin. Scríobh sí miontráchtas ar mhionlogainmneacha agus ar bhéaloideas an pharóiste dlí, Rú Chonaill, i gContae na hIarmhí idir na blianta 2012-2013. 

Bhuaigh sí Duais Ríocht na Midhe 2018 as alt a scríobh sí ar mhionlogainmneacha cuimhneacháin san Iarmhí agus sa Mhí. 

Tá spéis aici i mbéaloideas, i gcanúineolaíocht, i litríocht agus i (mion)logainmníocht na hÉireann. 

Location

Baile Átha Cliath/Dublin

Disciplines

Affiliation

Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU

Groups